Skip to main content

John Durcan ag obair leis an gClár Domhanda Bia sa Bhanglaidéis

John Durcan ag obair leis an gClár Domhanda Bia sa Bhanglaidéis

John Durcan

Tá Cúnamh Éireann tiomanta do thacaíocht a thabhairt do na Róihinsí – 700,000 duine atá i gceist, a mheastar – a theith ó stát Rakhine i Maenmar. Tá na Róihinsí buailte faoi láthair ag ceann de na géarchéimeanna daonnúla is measa ar domhan. Is mionlach eitneach iad a ndearnadh foréigean ina gcoinne i Maenmar agus arbh éigean dóibh dul ar a dteitheadh. Tá siad ag brath go mór anois ar chúnamh dhaonnúil cosúil le bia agus bunriachtanais eile an tsaoil, tar éis dóibh an teorainn a thrasnú chun dídean a lorg sa Bhanglaidéis.


Cuireann Cór Mearfhreagartha na hÉireann saineolaithe ar fáil i gcás ina bhfuil bearna scileanna ghearrthéarmach sna Náisiúin Aontaithe chun freagairt na heagraíochta sin ar ghéarchéim dhaonnúil a neartú. Ina cháil mar shaineolaí bainistíochta faisnéise, d'eagraigh John dáileadh bia don Chlár Bia Domhanda sna campaí dídeanaithe, agus d'ullmhaigh sé léarscáileanna ina bhfuil faisnéis atá ríthábhachtach d'eagraíochtaí daonnúla ar an láthair chun seachadadh éifeachtach a dhéanamh ar an gcabhair dhaonnúil, áit a bhfuil cónaí ar an oiread daoine.


Gné ríthábhachtach is ea dúthracht na Mearfhreagróirí ar nós John i bhfreagairt na hÉireann ar ghéarchéimeanna casta daonnúla i Maenmar agus sa Bhanglaidéis, agus ar ghéarchéimeanna eile ar fud an domhain.

|