Béim curtha ar thacaíocht na hÉireann do mhná i dtíortha i mbéal forbartha roimh Lá Idirnáisiúnta na
7/3/13Cuireann an tAire Trádála agus Forbartha Joe Costello béim ar thacaíocht na hÉireann do mhná i dtíortha i mbéal forbartha roimh Lá Idirnáisiúnta na mBan
Chuir an tAire Trádála agus Forbartha, Joe Costello TD, béim inniu ar thacaíocht na hÉireann do mhná i dtíortha i mbéal forbartha mar chuid lárnach dár gclár forbartha thar lear.
Dúirt an tAire Costello agus é ag labhairt roimh Lá Idirnáisiúnta na mBan a bheidh ann amárach:
“Tá aghaidh baineann ar an mbochtaineacht dhomhanda. Oibríonn mná dhá thrian d’uaireanta oibre an domhain agus táirgeann siad leath de bhia an domhain. Mar sin féin, ní shaothraíonn siad ach aon deichiú d’ioncam an domhain agus níl úinéireacht acu ach ar níos lú de 1% den mhaoin. Faoi láthair, is mná agus cailíní seachtar as gach deichniúr duine atá ag maireachtáil i bhfíor-bhochtaineacht.
“Ach tá fhios againn go bhfuil mná in ann athruithe agus dul chun cinn a bhrú ar aghaidh. Léiríonn fianaise nuair a mhéadaíonn maoin ban, caitheann siad níos mó ar bhia agus oideachas páistí, rud a chuireann feabhas ar fholláine an teaghlaigh ina iomláine. Go deimhin, léiríonn taithí na hÉireann féin maidir le cearta ban a bhaint amach gur comhrochtain ar sheirbhísí oideachais, máithreachais agus shláinte shíolraithe é bunús an chomhionannais.
“Comhoibríonn Cúnamh Éireann le rialtais, NGO-anna agus eagraíochtaí idirnáisiúnta ar nós Mná NA chun rochtana ar sheirbhísí sláinte agus oideachais de chaighdeán ard a fheabhsú. Mar shampla, trí Chúnamh Éireann, tacaíonn an Rialtas leis an gCiste Domhanda um Oideachas, ar príomh chuspóir dá chuid níos mó cailíní a choinneáil ar scoil. Is cuid thábhachtach dár n-obair guth na mban a láidriú sa bpróiseas cinnteoireachta ag leibhéil pobal, áitiúla agus náisiúnta,” a dúirt sé.
Dúirt an tAire Costello, a ghlacfaidh amárach le achainí ó Oxfam mar chuid d’fheachtas chun deireadh a chur le bochtaineacht: “Aontaíonn Cúnamh Éireann agus Oxfam go bhfuil ról criticiúil ag feirmeoirí ban sa chomhrac chun deireadh a chur le bochtaineacht agus ocras. Tacaíonn Cúnamh Éireann le heagraíochtaí ar nós Oxfam, agus an Chomhghuaillíocht Talún Idirnáisiúnta, chun rochtain fheirmeoirí ban ar thalamh, ar chreidmheas, ar theicneolaíocht agus ar oiliúint a fheabhsú.”
An tseachtain seo, glacfaidh Éire páirt sa 57ú Coimisiún na NA ar Stádas na mBan i Nua-Eabhrac. Déanfaidh rialtais agus NGO-anna ó ar fud an domhain plé ar conas foréigean in aghaidh ban a chosc, lena n-áirítear i dtíortha Iarchoinbhleachta, ar nós Siarra Leon.
Nóta d’Eagarthóirí
- Is é Cúnamh Éireann clár an Rialtais do chúnamh thar lear. Tá sé bainistithe ag Rannóg Chomhoibrithe Fhorbartha na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.
- Is é Coimisiún na NA ar Stádas na mBan an príomhchomhlacht déanta polasaí ar domhan atá tiomanta go hiomlán do chomhionannas inscne agus cur ar aghaidh na mban.