Ciste Meán Simon Cumbers
Tá ról tábhachtach ag na meáin ó thaobh an pobal a chur ar an eolas faoin domhan forbraíochta. Tugann iriseoirí beocht do shaincheisteanna ar bhealach a thuigeann daoine go maith. Aithnímid ról na meán agus táimid tiomanta do thacú le hiarrachtaí iriseoirí tuairisciú ar shaincheisteanna forbartha.
Cad é Ciste Meán Simon Cumbers?
Cuireann Ciste Meán Simon Cumbers clúdach ardchaighdeáin ar shaincheisteanna forbartha domhanda i meáin na hÉireann chun cinn trí thacú le hiriseoirí taisteal chuig an domhan forbraíochta chun tuairisc a sholáthar le bheith foilsithe i gcló, i gcraolachán nó ar líne. Bunaíodh é in 2005 i gcuimhne an iriseora Éireannaigh Simon Cumbers, a maraíodh san Araib Shádach fad is a bhí sé ag obair leis an BBC an bhliain roimhe sin.
Cén fáth a bhfuil baint againn leis?
Tugaimid tacaíocht do Chiste Meán Simon Cumbers chun clúdach meán a éascú ina gcuirtear i láthair léargas cothrom agus réadúil ar na dúshláin os comhair pobal sa domhan forbraíochta agus ar an dul chun cinn atá á bhaint amach.
Maoiniú
Is féidir le heagraíocht meán nó gairmí meán ar bith iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú. Bíonn dhá bhabhta maoinithe ann gach bliain: ceann i rith an tsamhraidh agus ceann i rith an gheimhridh. Glactar le hiarratais maidir le tionscadail chló nó chraolacháin, chomh maith le tionscadail ghrianghrafadóireachta agus tionscadail sna meáin nua. Moltar iarratais chomhoibríocha chomh maith: mar shampla, comh-iarratas ó ghrianghrafadóir agus iriseoir nuachtáin.
Is é aidhm Chiste Meán Simon Cumbers ná cuidiú le tuairisciú ardchaighdeáin ar shaincheisteanna forbartha i meáin na hÉireann agus é a chur chun cinn.
Comórtas do mhic léinn
Tacaímid freisin le comórtas tiomanta Chiste Meán Simon Cumbers do mhic léinn. Tá an comórtas sin ceaptha le feasacht agus tuiscint a mhúscailt ar shaincheisteanna forbartha i measc mac léinn tríú leibhéal. Deonaítear dhá dhámhachtain faoin gcomórtas seo: ceann sa chatagóir ‘Cló’ agus ceann sa chatagóir ‘Craoladh’.
Déanann painéal moltóirí, ar a bhfuil ionadaithe ó Chúnamh Éireann, Muintir Cumbers agus Údarás Craolacháin na hÉireann, chomh maith le roinnt saineolaithe meán aonair, na hiarratais rathúla a roghnú
Faigh tuilleadh faisnéise faoi Chiste Meán Simon Cumbers
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin gCiste agus conas iarratas a dhéanamh, féach ar www.simoncumbersmediafund.ie