Ag Freagairt d’éigeandálaí
Cuireann tubaistí agus éigeandálaí isteach ar na milliúin duine gach bliain. Is fir agus mná, cailíní agus buachaillí sna tíortha is boichte uilig an dream is mó a gcuirtear isteach orthu agus is lú atá in ann teacht slán. Dá réir sin, glacaimid gníomh tapa chun beatha a thabhairt slán, fulaingt a mhaolú agus cabhrú le daoine a ndínit a choimeád le linn géarchéimeanna daonnúla agus ina ndiaidh.
Tacaímid anois freisin le hiarrachtaí pleanáil chun cinn, réamhaisnéis a thabhairt agus idirghabháil a dhéanamh sula dtéann an cás chun seirbhe go dtí cás géarchéime.