Ár n-obairTíorthaComhpháirtitheMaoiniúFoilseacháin
Oideachas Forbartha
Oideachas Forbartha
Oideachas Forbartha

"Beidh teacht ag gach duine in Éirinn ar dheiseanna oideachais sa dóigh is go dtuigfidh said a gcearta agus a bhfreagrachtaí mar shaoránaigh dhomhanda agus a gcumas athrú a dhéanamh i dtreo domhain níos cirte agus níos cothroime."
Páipéar Bán um Chúnamh Éireann

An Dúshláin

Tá gníomhú ag leibhéal áitiúil agus domhanda de dhíth ar iarrachtaí Chúnamh Éireann dul i ngleic le bochtaineacht agus le héagóir, síocháin agus daonlathas a chur chun cinn agus cearta daonna a chosaint. Chomh maith le tuiscint faoi cad atá á dhéanamh ag an rialtas, tá sé tábhachtach go mbeidh tuiscint ag daoine ar na dúshláin a bhaineann le forbairt dhomhanda.

Freagra na hÉireann

Tá ról tábhachtach ag daoine in Éirinn mar shaoránaigh ag leibhéal áitiúil agus leibhéal domhanda. Chun athrú a bhaint amach, tá sé riachtanach eolas agus tuiscint a mhéadú i measc an phobail Éireannaigh faoi cheisteanna forbartha agus na cúiseanna le bochtaineacht agus tearcfhorbairt sa domhan. I dtreo seo, tabharfaimid tacaíocht don oideachas forbartha, ag a bhfuil ról ríthábhachtach i méadú thuiscint an phobail faoi cheisteanna forbartha, agus cuirfimid tús le himeascadh oideachas forbartha in oideachas in Éirinn chomh maith. Chun a bheith chomh héifeachtach agus is féidir, caithfidh comhoibriú dlúth, structúrtha a bheith ann idir an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta.

Is fianaise ar thiomantas leanúnach Chúnamh Éireann don oideachas forbartha é bunú Aonad Oideachais Forbartha in Cúnamh Éireann sa bhliain 2003, ag a bhfuil freagracht do chur i ngníomh plean straitéise trí bliana, don oideachas forbartha, le buiséad tiomnaithe. Bhí na prionsabail seo a leanas mar phríomhphrionsabail i bPlean Straitéise Oideachas Forbartha Chúnamh Éireann 2003-2006:

  • Peirspictíocht oideachais forbartha a imeascadh i bpolasaithe bainteacha oideachais.
  • Seachadadh oideachais forbartha a imeascadh agus a thacú i réimsí áirithe sna hearnálacha foirmeálta agus neamh-fhoirmeálta.
  • tacaíocht a chur ar fáil d'eagraíochtaí na sochaí sibhialta in Éirinn chun tuiscint faoi cheisteanna forbartha a mhéadú.
  • Tógáil cumais na hearnála um oideachas forbartha a éascú.
  • Úsáid níos éifeachtaí as cumarsáid a chur chun cinn chun tuiscint an phobail faoi cheisteanna forbartha a mhéadú.
  • Deiseanna oideachais a aithint agus a uasmhéadú le haghaidh rannpháirtíocht an phobail le Cúnamh Éireann.

De bharr rath an phlean seo, tá athbhreithniú á dhéanamh faoi láthair ar Phlean Straitéise Oideachais Forbartha do 2007 go 2011 agus déanfar é a fhoilsiú níos moille sa bhliain.

Nuashonrú deireanach: 08/02/07

Adobe Acrobat DocumentStraitéis Oideachais Forbartha 2003-06 (pdf) (pdf)

(Íoslódáil Acrobat reader ó shuíomh gréasáin Adobe)
Boy in classroom
© Cóipcheart
Mapa an tsuímh | Gluais | Teagmháil | Teagmháil | An Roinn Gnóthaí Eachtracha
Design by Arekibo