An cuspóir uileghabhálach atá ag Cúnamh Éireann ná bochtaineacht, éagothroime
agus eisiamh a laghdú sna tíortha sin den domhan atá i mbéal forbartha. Déantar
gach ceann de ghníomhaíochtaí Chúnamh Éireann a mheas i gcoinne an méid a
dhéanann sé chun bochtaineacht a laghdú agus i gcoinne dul chun cinn i dtreo
bhaint amach na spriocanna forbartha atá leagtha síos ag an bpobal
idirnáisiúnta.
Seo a leanas na hocht cinn de Spriocanna Forbartha na Mílaoise, ar aontaigh
na NA orthu ag sraith de chruinnithe mullaigh idirnáisiúnta, agus cuireann siad
in iúl na príomhchúiseanna atá le fíorbhochtaineacht sa domhan sa lá atá inniu
ann agus tá siad mar bhonn is mar thaca leis na polasaithe agus na
gníomhaíochtaí a bhíonn ar bun ag Cúnamh Éireann. Seo a leanas a éilíonn
Spriocanna Forbartha na Mílaoise ar an bpobal idirnáisiúnta a dhéanamh:
- Fíobhochtaineacht agus fíor-ocras a dhíothú;
- Oideachas bunscoile a bheith ann do chách;
- Comhionannas inscne a chur chun cinn agus mná a chumhachtú;
- Mortlaíocht leanaí a laghdú;
- Sláinte máithreacha a fheabhsú;
- Comhrac i gcoinne VEID/SEIF, maláire agus galar eile;
- Inbhuaine comhshaoil a chinntiú;
- Comhpháirtíocht dhomhanda a chur ar bun don fhorbairt
Is léir nach féidir dul i ngleic le cúiseanna na bochtaineachta leo féin ach
go gcaithfear dul i ngleic leis na saincheisteanna atá bainteach leo ionas gur
féidir laghdú cuimsitheach iomlánaíoch trasearnálach ar bhochtaineacht a bhaint
amach.
Is i gcomhthéacs Spriocanna Forbartha na Mílaoise, agus i gcomhthéacs na
sainspriocanna leagadh síos chun go bhféadfaí iad a bhaint amach, a dhéantar na
cinntí maidir leis an réimsí tosaíochta a roghnaíonn Cúnamh Éireann. Díríonn na
hábhair a pléitear sa chuid seo den suíomh gréasáin 'Ár gCuid Oibre' ar na
príomhréimsí earnálacha a dtéann clár Chúnamh Éireann i ngleic leo agus an chaoi
a bhfuil baint ag na réimsí sin lena chéile.
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le Spriocanna Forbartha na Mílaoise
téigh chuig: http://www.un.org/millenniumgoals/ |