Irish Aid - Department of Foreign Affairs - An Roinn Gnóthai Eachtracha
Páipéar Bán um Polasaí Forbraíochta
Páipéar Bán um Polasaí Forbraíochta

Creidimse gur léiriú praiticiúil ar ár luachanna é ár gclár cúnaimh agus gur cuid é dár n-aitheantas Éireannach anois sa 21ú haois. Léiríonn sé a mhéad a bhraithimid dualgas orainn féin i leith an chuid eile den chine daonna. Gach lá den tseachtain, tá muintir na hÉireann ag cur na n-acmhainní daonna agus airgeadais ar fáil a bhfuil gá leo chun tacú leis an bhfís sin.”

-An Taoiseach Bertie Ahern

(Ag labhairt ag seoladh an Pháipéir Bháin um Chúnamh Éireann)

Seoladh an chéad Pháipéar Bán um Chúnamh Éireann an 18 Meán Fómhair 2006.

Is léiriú soiléir é an Páipéar Bán ar pholasaí an Rialtais maidir le cúnamh thar lear. Cuireann sé síos ar an gcúis, ar an gcaoi agus ar an áit a gcaithfidh an Rialtas méideanna móra d’airgead an cháiníocóra chun cuidiú le roinnt de na daoine is boichte agus is leochailí ar domhan.

Chun 0.7% dár OTN a shroicheadh ar chaiteachas ar chúnamh thar lear beimid ag caitheamh isteach is amach le €1.5 billiún gach bliain faoi 2012. Leagann an Páipéar Bán amach an treo a gcaithfear an t-airgead sin sa todhchaí.

Léiríonn sé na prionsabail agus an cleachtas a bhí mar threoir dár gcuid oibre go dtí seo agus leagann sé amach na smaointe nuálaíocha agus na treonna polasaí a bheidh ann amach anseo. Dearbhaíonn sé go soiléir na príomhphrionsabail atá mar bhonn is mar thaca le hobair Chúnamh Éireann:

  • Fócas mór ar bhochtaineacht a laghdú agus fócas geografach mór ar an Afraic;
  • Tiomantas i leith obair i gcomhpháirt le tíortha atá i mbéal forbartha;
  • A chinntiú go bhfuil ár n-iarrachtaí inbhuanaithe san fhadtéarma;
  • Tiomantas soiléir maidir le cúrsaí a bheith aontaithe.

Foilsíodh an Páipéar Bán um Chúnamh Éireann tar éis próiseas comhairliúcháin fairsing le heagraíochtaí neamhrialtasacha Éireannacha, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le pobal na hÉireann trí mheán sraith de chruinnithe i hallaí an bhaile ar fud na hÉireann.

Mar chuid den chur chuige seo, beidh príomhearnálacha sóisialta mar chroílár an chláir,–lena n-áirítear sláinte, oideachas agus an comhrac i gcoinne VEID/SEIF. Tagann foilsiú an Pháipéir Bháin ag am criticiúil i bhfairsingiú an chláir chúnaimh, méadú ar chaiteachas agus an t-éileamh atá ann go ndéanfaimis pleanáil go cúramach don todhchaí.

Tugann an Páipéar Bán breac-chuntas ar na príomhphrionsabail a bheith mar threoir d'fhairsingiú chlár cúnaimh an Rialtais go dtí 2012.

Chomh maith leis sin, fógraíonn sé na réimsí fócais agus na tionscnaimh nua rud a chuideoidh le rannpháirtíocht níos mó a bheith ag pobal na hÉireann sa chlár;

  • Beidh an Mhaláiv ar an naoú clártír ag Éirinn.
  • Mar chuid den Tionscnamh nua um Fhreagra Mear beidh liosta de dhaoine ardsciliúla ó Éirinn a bheidh ar fáil i gcás éigeandálaí agus tubaistí de réir mar a tharlaíonn siad.
  • Aonad a dhíreoidh ar leithligh ar Anailís Choinbhleachta agus ar Réiteach Coinbhleachta. Bunófar an tAonad seo sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus roinnfear an taithí atá ag Éirinn maidir le coinbhleacht a réiteach agus síocháin a thógáil.
  • Cuirfear Tascfhórsa Ocrais ar bun, ag baint úsáide as saineolas ón earnáil phoiblí agus phríobháideach chun dul i ngleic leis na bunchúiseanna atá le neamhshlándáil bia, go háirithe san Afraic.
  • Sa bhliain 2007, osclóidh an rialtas Ionad Eolais ar Obair Dheonach mar áis dóibh siad ar mhian leo obair go deonach sa chuid den domhan atá i mbéal forbartha.

Nuashonrú Deireanach: 13/02/07

Irish flag
© Cóipcheart
Mapa an tsuímh | Gluais | Teagmháil | Teagmháil | An Roinn Gnóthaí Eachtracha
Design by Arekibo