Ár n-obairTíorthaComhpháirtitheMaoiniúFoilseacháin
Aire Stáit
An tAire Stáit Peter Power T.D.

Fáilte chuig suíomh gréasáin Chúnamh Éireann.

Is é Cúnamh Éireann an clár cúnaimh atá ag Rialtas na hÉireann do thíortha i mbéal forbartha. Sa bhliain 2010, caithfidh cáiníocóirí Éireann, tríd ár gclár forbartha, €671 milliún i roinnt de na tíortha is boichte ar domhain chun troid i gcoinne an ocrais, na bochtaineachta is an eisiaimh.

San athbhreithniú a rinne an le déanaí (OECD peer review), tugadh tuairisc thar a bheith fabhrach d'Éirinn. Tá ár bpiaraí agus na tíortha bhronntacha eile den tuairim go bhfuil Éire ceannródaíoch maidir le cleachtais fhorbartha.

Le sé bliana anuas, tá Éire tar éis breis is €4 billiún a chaitheamh ar chúnamh forbartha. Is cuma cibé slat tomhais a úsáidfí tá sé seo ina ghealltanas mór millteach cuidiú le roinnt de na tíortha is lú forbartha agus is boichte ar domhan agus tá sé ina léiriú soiléir ar ár luachanna mar phobal agus mar thír.

Cé gurb iad na géarchéimeanna móra is mó a chlúdaítear sna meáin agus in áiteanna eile, is léir go dtarlaíonn na géarchéimeanna daonnúla seo i gcomhthéacs na bochtaineachta ainsealaí.

Ag croílár chlár Chúnamh Éireann tá an dúshlán dul i ngleic leis na bunchúiseanna le bochtaineacht agus le fulaingt. Tá fócas réigiúnach an chláir dírithe go príomha ar ár seacht gclárthír; sé chlárthír san Afraic (An Aetóip, Leosóta, An Mhósaimbíc, An Tansáin, Uganda, An tSaimbia ) agus an Tíomór Thoir. De réir mar a fhéachfaidh tú tríd an suíomh gréasáin feicfidh tú go n-oibrímid sna tíortha seo agus i dtíortha eile. Chomh maith leis sin, bheidh tuiscint agat ar na príomhdhúshláin forbraíochta a gcaithfidh na tíortha sin dul i ngleic leo agus na bealaí a gcaithfidh Cúnamh Éireann aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin.

Tá súil agam go mbeidh an áis ghréasáin seo úsáideach agus fáisnéiseach duit. Ónár dtaobhanna de, is uirlis úsáideach í do Chúnamh Éireann chun an pobail a chur ar an eolas maidir leis na luachanna agus na prionsabail atá mar bhonn is mar thaca don chlár um chomhar forbartha agus acmhainn luachmhar dóibh siúd a bhfuil spéis acu i gcúrsaí forbartha ar fud an domhain, agus sa dúshlán a bhaineann le héagothroime dhomhanda.

Beir Bua,
An tUasal Peter Power T.D.
An tAire Stáit um Fhorbairt Choigríche ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha.

Mr. Peter Power, TD
© Cóipcheart
Mapa an tsuímh | Gluais | Teagmháil | Teagmháil | An Roinn Gnóthaí Eachtracha
Design by Arekibo